18 Oir a deirim ribh go firinneach, No go ndeachaidh neamh agus talamh thort, ní rachaidh éan iota na áonphunc don dligheadh thort, nó go gcoimhlíontar gach éin ní.
19 Ar a nadhbharsin giodh bé neach bhrisfeas áonaithne do na haitheantaibh robheagaso, agus theagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfidhthear dhe an duine is lúgha a rioghachd neimhe: achd giodh bé neach dhéanas agus theagaisfeas iád, goirfidh thear duine mór dhe a rioghachd neimhe.
20 Oír a deirim ribh, Muna sáruighidh bliur bhfíreantachdsa fíreantachd na sgríobuigheadh agus na phairisíneach, nach rachdaói a steach sa bhflaitheas neamhdha go bráth.
21 Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinnsearaibh, Na déuna dúnmharthadh; agus gidh bé do dhéanas dúnmharbhadh biaidh sé cionntach ó bhreitheamhnas:
22 Achd a deirimsi ribh, Gach neach do ní fearg re na dhearbhráthair gan adhbhar budh cionntach don bhreitheamhnus é: agus gíodh bé neach a déaruidh ré na dhearbhráthair, Raca, budh cionntach do bhreith na comhairle é: agus giodh bé a déaruidh, A amadain, budh cionntach é do theinigh ifeirn.
23 Uime sin ma thugann tú do thabhartus chum na lialtóra, agus go gcuimhneochaidh tú ann sin go bhfuil ní ar bith ag ad dhearbhrathair a daghaidh;
24 Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.