24 Fágaibh do thabhartus ann sin a bhfiaddhnuisi na haltóra, agus imthigh; agus ar tús réidhigh réd dhearbhrathair, agus tar éisi sin ar dteachd duit tabhair uáit do thiodlacadh.
25 Réidhigh go lúath réd easgcaruidm an feadh bhiás tú na fhochair sa tslighe; deagla go dtiobhradh teascara don bhreitheamh thú, agus go dtiobhradh an bhreitheamh thú don mháor, agus go dteilgfidhthi a bpríosún thú.
26 A deirim riot go fírinneach, Nach rachaidh tú as sin a mach, nó go míoca tú an fheórling dheigheanach
27 Do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ni dhéana tú adhaltrannas:
28 Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach fhéuchas air mhnáoi chum a sanntaighthe go ndearnuidh sé adhaltrannas lé cheana ann a chroidhe.
29 Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.
30 Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.