29 Ar a nadhbharsin mas cionntach do shúil deas, bean asad í, agus teilg uáit í: óir is fear dhuit aónbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile do theilgean go hifearn.
30 Agus má bheir do lámh dheas sgannail dhuit, gear dhiot í, agus teilg uait í: óir is fear dhuit áonbhall dod bhallaibh do dhul a múgha, na do chorp uile theilgean go hifearn.
31 Agus a dubhradh, Giodh bé leígtheas a bhean, tabhradh sé leitir dhealaighthe dhi:
32 Achd a deirimsi ribh, Giodh bé neach léigfeas a bhean, (achd amháin ar son adhaltrannais,) go dtugann se uirrthe adhaltrannas do dhéunamh: agus an té do bhéaraidh an bheansin do léigeadh do ní sé adhaltrannas
33 Mar an gcéadna, do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ní thiobruidh tú héitheach, achd do dhéana tú do mhóid don Tighearna:
34 Achd a deirimsi ribh, Na tabhruidh mionna ar bith; na tabhruidh neamh; óir a sé caithír Dé é:
35 Na tabhraidh an talamh; óir a sé sdól a chos é: na tabhruidh Ierusaléim; óir a si cathair an Rígh mhóir í.