33 Mar an gcéadna, do chúalabhair go ndubhradh ris na seinsearaibh, Ní thiobruidh tú héitheach, achd do dhéana tú do mhóid don Tighearna:
34 Achd a deirimsi ribh, Na tabhruidh mionna ar bith; na tabhruidh neamh; óir a sé caithír Dé é:
35 Na tabhraidh an talamh; óir a sé sdól a chos é: na tabhruidh Ierusaléim; óir a si cathair an Rígh mhóir í.
36 Na tabhair do cheann fein már mhionna, óir ní héidir riot áonruibe do dhéanamh geal na dubh:
37 Achd go madh é bhús comhrádh dháoibh, A seadh, a seadh; Ni headh, ni headh: achd gidh bé ní bhías as a gcionn so is ó nolc atá sé.
38 Do chúlabhair go ndubhradh, Súil ar son súile, agus fíacail ar son fíacaile:
39 Achd cheana a deirimsi ribh, Na cuiridh a naghaidh a nuilc: achd giodh bé neach bhúailfeas tú air do ghíall deas, iompóigh chuige fos an gíall oile.