15 Achd muna maithtisi a gcionta do na dáoinibh, ni mhaithfidh bhur Nathair féin dáoibhsi bhur gcionta.
16 Agus an tan do nithi trosgadh, na bidhidh grúama, mar luchd an fhúarchrabháidh: óir dorchuidhid siád a naighthe, do chum go madh follus dona dáoinibh iád do throsgadh. A deirimsi ribh go fírrineach, Go bhfuil a ttúarasdal aca.
17 Ach cheana, an tan do dheana tusa trosgadh, cuir ola ar do cheann, agus ionnail haghaidh;
18 Do chum nach budh follas dona dáoinibh go ndéanann tú trosgadh, achd dod Athair atá a bhfolach: agus do bhéuraidh Hathair, do chí a bhfolach, lúaidheachd dhuit ós aírd.
19 Na cruinnighidh ionnmhas ar an ttalamh, mar a ttrúaillean an léoghan agus an mheirg é, agus mar a ttochlaid agus mar a ngoidid na biothamhnuigh:
20 Achd cruinnighidh ionnmhas dháoibh féin air neamh, ós ann nach dtruáilleann an míoll críon ná an mheirg, agus nach tochlaid agus nach goidid na gaduidhthe:
21 Oír goidh bé ball iona bfuil bhur nionnihas, is ann sin bhiás bhur gcroidhe mar an gcéadna.