24 Ní héidir lé neach air bith seirbhis do dhéunamh do dha thighearna: óir bíaidh fúath aige do dhuine aca, agus grádh don duine eile; nó ceangallfuigh sé do neach aca, agus do bhéuraidh sé tarcuisne ar an dara fhear. Ní héidir libh seirbhis do dhéunamh do Dhía agus do mhammon.
25 Ar a nadhbharsin a deirimsi ribh, Na bidhidh lán do chúram a ttimcheall bhur mbeatha, créud íosdáoi, nó iobhtháoi; na a ttimcheall bhur gcuirp, creúd chuirfi umaibh. A né nach mó an tanam na an bíadh, agus an corp ná an téudach?
26 Féachaigh ar éunlaith a naiéir: oír ni chuirid siól, agus ní bheanuid siád, agus ní chruinnighid said ann an sgíobólaibh; gidheadh beathaighidh bhur Nathair neamhdhasa iád. A né nach fear sibhsi go mór na iádsan?
27 Agus cía agaibh lé na iomad curium fhéadas áonbhannlamh do chur lé na aírde féin?
28 Agus créud fa a bhfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh? Foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachaire; ní dhéunaid said saóthar, agus ní shníomhaid said:
29 Gidheadh a deirimsi ribh, Nach raibh Solomh féin gon a uile ghlóir ar na eúdughadh mar aón díobh so.
30 Agus, ma eúduigheann Día mar sin luibh an mhachaire, áta a niugh ann, agus a márach ar na theilgein sa núamhain, a né nach mó na sin sibhsi, a dhaóine beigchreidmheacha?