11 Agus deirim ribh, Go ttiocfuidh morán ó náird shoir agus ó náird shíar, agus suighfid a bhfochair Abhraham, agus Isaac, agus Iácob, sa rioghachd neamhdha.
12 Agus teilfidhthear clan na ríoghachda sa dorchadas atá léith a muigh: biáidh ann sin gul agus gearradh fíacal.
13 Agus a dubhairt Iósa ris an gcaiptín, Imthigh romhad; agus biodh dhuit, do réir mar do chreid tú. Agus do slánuigheadh a shearbhfhoghantaidhe ar a núair sín.
14 Agus tan tháinic Iósa go tígh Pheadair, do chunnairc sé mathair a mhná ná luighe, agus í a bhfíabhrus.
15 Agus do bhean sé ré na láimh, agus do fhágaibh an fíabhrus i: agus do éirigh sí, agus do rinne sí friothólamh dhóibh
16 Achd an tan do bhí déireadh an láoi ann, tugadar chuige móran ann a rabhadar deamhain: agus do theilg sé na spioruidighe a mach lé na fhocal, agus do shlánaighe sé gach uile dhuine dá raibh easlán.
17 Do chum go gcoimhliónfuighthe an ní a dubhairt Esaias an fhaigh, a deir, Do ghabh seisean ar néagcrúaisne air, agus do iomchair sé ar ngalruighthe.