21 Oír a dubhairt sí innte féin, Ma bheanaim lé na eúdach a mhaín, biaídh mé slán.
22 Agus ar bhfilleadh Diósa agus ar na faicsinsean dó, a dubhairt sé, Biódh muinighin mhaith agad, a inghean; do shlánaigh do chreideamh thú. Agus do bhí an bhean slán ó a nuáirsin a mach.)
23 Agus an tan tháinic Iósa go tigh a núachdaráin, agus do chunnairc se an luchd céoil agus an chuideachda ag déunamh míoshúaimhnis,
24 A deir sé ríu, Imthighidh romhaibh: óir ní bhfuil an cailin marbh, achd na codladh. Agus do rinneadarsan fonómhad faoi.
25 Agus an tan do cuireadh an chuideachda a mach, do chúaidh sé a sdeach, agus rug sé air láimh uirrthe, agus do éirigh an cailín.
26 Agus do chuáigh an tásgsa a mach ar feadh na talmhansin uile.
27 Agus an tan do imthigh Iósa as sin, do leanadar días dall é, ag éimhghe, agus ag rádh, Déuna trócaire oruinn, a mhic Dháibhi.