11 Tháinig sé chun a ionaid dhúchais, agus níor ghlac a mhuintir féin leis.
12 Ach níl duine dár ghlac leis, agus dár chreid ina ainm, nár thug sé an chumhacht dóibh bheith ina gclann Dé;
13 an chlann nár gineadh ó fholaíocht ná ó thoil chollaí ná ó thoil dhaonna, ach ó Dhia.
14 Agus ionchollaíodh an Briathar agus tháinig sé a chónaí inár measc, agus é lán de ghrásta agus d'fhírinne; agus tá a ghlóir feicthe againn, glóir mar ghlóir an Aon-Mhic atá ón Athair.
15 (Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”)
16 Agus fuaireamar uile ár gcion amach as a fhairsinge, grásta ar mhuin ghrásta.
17 Mar is trí Mhaois a bronnadh an dlí; tháinig an grásta agus an fhírinne i gcrích trí Íosa Críost.