Eoin 9 OC1970

1 Nuair a bhí sé ag dul thart, chonaic sé fear a bhí dall ó bhroinn.

2 Agus chuir a dheisceabail ceist air, “A Rabbí, an é a pheaca féin nó peaca a thuismitheoirí is cointach leis, gur rugadh ina dhall é?”

3 Is é a d'fhreagair Íosa, “Ní de bharr pheaca an fhir seo ná pheaca a thuismitheoirí a tharla seo, ach mar dhúil is go nochtfaí mórfhearta Dé air.

4 Caithfimid oibreacha an té a chuir anseo mé a shaothrú amach, fad agus atá sé ina lá; tá an oíche ag teacht, nuair nach féidir do dhuine bheith ag obair.

5 Chomh fada agus a bhímse ar an domhan, is mé solas an domhain.”

6 San am a raibh sé ag rá na cainte sin, chaith sé seile ar an talamh, agus rinne sé dóib den tseile, agus chuimil sé an dóib de shúile an fhir,

7 agus dúirt sé leis, “Imigh, nigh thú féin i linn uisce Shilóam” (Teachtaireacht is ciall leis sin). Chuaigh sé leis gur nigh sé é féin gur fhill agus amharc na súl aige.

8 Is é a dúirt na comharsana agus an dream a d'fheiceadh roimhe sin é ag iarraidh déirce, “Nach é sin an fear a bhíodh ina shuí ag iarraidh déirce?”

9 Dúirt cuid acu, “Is é atá ann;” bhí an dara dream ann a dúirt, “Ní hé sin é, ach duine atá cosúil leis.” Ach dúirt sé féin, “Is mise an fear.”

10 D'fhiafraigh siad de ansin, “Conas mar sin a osclaíodh do shúile?”

11 Ba é a fhreagra, “An fear úd a bhfuil Íosa mar ainm air rinne sé dóib agus chuimil sé de mo shúile í agus dúirt sé liom, ‘Imigh go Silóam agus nigh thú féin’; agus chuaigh mé ann agus nigh mé agus fuair mé amharc na súl.”

12 D'fhiafraigh siad de, “Cá bhfuil sé?” “Níl a fhios agam,” ar seisean.

13 Tugadh an fear a bhí ina dhall roimhe sin os comhair na bhFairiséach.

14 Anois ba í an tsabóid í an lá a ndearna Íosa an dóib agus ar oscail sé a shúile.

15 D'fhiafraigh na Fairiséigh de arís conas a fuair sé a amharc. Agus ar seisean leo, “Chuir sé an dóib ar mo shúile agus nigh mé iad, agus feicim leo.”

16 Arsa cuid de na Fairiséigh, “Ní ó Dhia an fear seo, mar ní choinníonn sé an tsabóid.” Ach dúirt dream eile, “Conas a d'fhéadfadh fear a bheadh ina pheacach comharthaí mar sin a dhéanamh?” D'éirigh easaontas eatarthu.

17 Dúirt siad mar sin arís leis an dall, “Cad é atá le rá agat faoi, ós é a d'oscail do shúile?” “Is fáidh é,” ar seisean.

18 Ni chreidfeadh na Giudaigh gur dall a bhí ann a fuair a amharc, go dtí gur chuir siad fios ar thuismitheoirí an fhir a fuair an t‑amharc,

19 agus gur fhiafraigh siad díobh, “An é sin bhur mac, an té a deir sibh a rugadh ina dhall? Conas mar sin a fheiceas sé anois?”

20 Ba é freagra a thuismitheoirí, “Is feasach dúinn gurb é sin ár mac, agus gur rugadh dall é;

21 ach conas a fheiceas sé anois nó cé a d'oscail a shúile, sin nithe nach bhfuil ar eolas againn. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir, labhróidh sé ar a shon féin.”

22 Dúirt a thuis­mitheoirí sin le heagla a bhí orthu roimh na Giúdaigh, mar bhí na Giúdaigh cheana féin ar aitheasc aon fhocail, an duine a chaitheamh amach as an tsionagóg a d'admhódh gurbh é an Críost é.

23 Is í sin an chúis a ndúirt na tuismitheoirí, “Tá sé in aois fir, bígí á fhiafraí de féin.”

24 Mar sin de chuir siad fios den dara huair ar an bhfear a bhí dall ó bhroinn, agus ar siadsan leis, “Tabhair an moladh do Dhia; tá a fhios againn gur peacach é an fear sin.”

25 D'fhreagair sé, “Más peacach é, sin rud nach bhfuil ar eolas agam; tá fhios agam an t‑aon rud amháin, go raibh mé i mo dhall, agus go bhfeicim anois.”

26 Dúirt siad leis, “Cad é sin a rinne sé leat? Conas a d'oscail sé do shúile?”

27 Ba é a fhreagra, “Tá sé inste agam daoibh cheana, agus gan é de thoil agaibh éisteacht liom. Cad chuige ar mhian libh a chluinstin arís? Nó an bhfuil fonn oraibh bheith in bhur ndeisceabail aige freisin?”

28 Chuaigh siad a fhonóid faoi ansin, agus á rá, “Tusa deisceabal an duine sin, sinne deisceabail Mhaois.

29 Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois, ach i dtaca leis an duine seo, níl a fhios againn go fiú cad as dó.”

30 D'fhreagair an fear, “Nach mór an t‑iontas é sin! Gan a fhios agaibh cad as dó, agus é i ndiaidh mo shúile a oscailt.

31 Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia leis na peacaigh, ach go n‑éisteann sé leis an té a bhíos á adhradh agus ag déanamh toil Dé.

32 Níor chualathas ó chruthú an domhain gur oscail aon duine súile fir a bhí dall ó bhroinn.

33 Ni fhéadfadh an fear seo faic a dhéanamh, mura mbeadh sé ó Dhia.”

34 D'fhreagair siadsan é, “Is gin pheacúil tú go huile agus go hiomlán, an mian leat eolas a mhúineadh dúinn?” Agus chaith siad amach é.

35 Chuala Íosa faoina bheith caite amach acu, agus nuair a fuair sé é chuir sé forrán air, “An gcreideann tusa i Mac an duine?”

36 Is é a d'fhreagair sé, “Agus cé hé féin, a Shaoi, ionas go gcreide mé ann?”

37 Arsa Íosa leis, “Chonaic do shúil é, agus is é atá ag caint leat.”

38 “Creidim, a Thiarna,” ar seisean, agus thug sé adhradh dó.

39 Arsa Íosa, “Is le haghaidh breithiúnais a tháinig mise isteach sa saol seo, ionas go bhfeice na daill, agus go dtaga daille ar an dream a fheiceas.”

40 Chuala cuid de na Fairiséigh, a bhí ina aice, sin, agus dúirt siad leis, “An bhfuilimidne inár ndaill freisin?”

41 Arsa Íosa leo, “Dá mbeadh sibh dall ní bheadh aon choir pheaca oraibh; ach ó deir sibh anois, ‘Tá ár n‑amharc againn’, fanann coir bhur bpeaca oraibh go buan.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21