1 ach chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg.
2 D'fhill sé ar an teampall ar mhoch maidine; tháinig na daoine uile chuige, agus shuigh sé faoi agus theagasc sé iad.
3 Thug na scríobhaithe agus na Fairiséigh leo bean ar rugadh uirthi i n‑adhaltranas, agus chuir siad í i gceartlár an chruinnithe
4 agus dúirt leis, “A Oide, thángthas ar an mbean seo le linn na coire agus í ag déanamh adhaltranais.
5 Anois tá sé ordaithe dúinn ag Maois sa dlí a leithéidí a chur chun báis le clocha. Cad é atá le rá agat ina taobh?”
6 Dúirt siad sin le féachaint a chur air, ionas go bhfaighidís ní lena chur ina leith. Chrom Íosa síos agus scríobh sé lena mhéar sa talamh.
7 Nuair nach raibh stad orthu ach ag brú na ceiste air, d'éirigh sé aníos agus dúirt sé leo, “An duine atá saor ó pheaca eadraibh caitheadh seisean an chéad chloch léi.”
8 Agus chrom sé é féin arís agus scríobh sé lena mhéar sa talamh.
9 Ach nuair a chuala siad sin, d'éalaigh siad leo, ina nduine agus ina nduine, ag tosú leis an té ba shine, gur fágadh Íosa gan aige ach é féin agus an bhean ina seasamh roimhe agus a haghaidh air.
10 Thóg Íosa a shúile agus dúirt sé léi, “A bhean úd, cár imigh siad? An é nár thug aon duine daorbhreith ort?”
11 Agus ar sise, “Níor thug aon duine, a Thiarna.” Agus dúirt Íosa, “Ní thugaim daorbhreith ort ach oiread; imigh leat, agus ná déan peaca arís.”
12 Labhair Íosa leo arís, agus dúirt sé, “Is mise solas an domhain; an té a bhíos do mo leanúint ní shiúlfaidh sé sa dorchadas, ach beidh solas na beatha aige.”
13 Dúirt na Fairiséigh leis ansin, “Is ag tabhairt fianaise fút féin atá tú; ní fírinneach an fhianaise seo agat.”
14 D'fhreagair Íosa, “Más fúm féin a thugaim m'fhianaise, ní fhágann sin nach fíor í m'fhianaise, mar tá a fhios agam cá has a dtagaim agus cá bhfuil mo thriall, agus níl fhios agaibhse cá has dom nó cá bhfuil mo thriall.
15 Tugann sibh bhur mbreithiúnas mar a insíos an cholainn daoibh, ach ní thugaimse breith ar aon duine.
16 Agus dá dtabharfainn breith féin, is fíor an bhreith í, mar ní mise amháin a bhíos ag tabhairt na breithe, ach mise agus an té a chuir uaidh mé.
17 Sa dlí is agaibhse tá sé scríofa gur fíor í fianaise bheirte;
18 bímse ag tabhairt fianaise orm féin, agus bíonn an tAthair a chuir uaidh mé ag tabhairt fianaise orm.”
19 D'fhiafraigh siad de dá bhrí sin, “Cá bhfuil an tAthair sin agat?” Ba é a d'fhreagair Íosa, “Níl aithne agaibh ormsa ná ar an Athair; dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m'Athairse freisin.”
20 Ba i seomra an chiste a labhair sé na briathra sin, agus é ag teagasc sa teampall; agus ní raibh sé de dhánacht ag aon duine a ghabháil, ó nár tháinig a uain fós.
21 Dúirt sé leo aris, “Tá orm imeacht as seo, agus rachaidh sibh ar mo lorg agus gheobhaidh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh; an áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht.”
22 Dúirt na Giúdaigh ansin, “An gcuirfidh sé lámh ina bhás féin, nuair a deir sé, ‘An áit a dtéimse, ní fhéadann sibh teacht’?”
23 Dúirt seisean leo, “Is as an áit thíos atá sibhse, as an áit thuas mise; tá sibhse saolta, agus mise neamh-shaolta.
24 D'inis mé daoibh go bhfaigheadh sibh bás agus bhur bpeaca oraibh mura gcreideann sibh gur mise é.”
25 Ar siadsan leis, “Cé tú féin?” Arsa Íosa leo, “An rud ceannann céanna a d'inis mé daoibh ó thús ama.
26 Is iomaí sin ní atá agam lena rá fúibh agus is iomaí breith atá orm a thabhairt; ach is fírinneach an té a chuir uaidh mé, agus ní dhéanaim ach ar chuala mé aige a fhógairt don saol.”
27 Níor thuig siad gurb é an tAthair a bhí á lua aige leo.
28 Dúirt Íosa dá bhrí sin, “Nuair a bheas Mac an duine ardaithe agaibh, beidh a fhios agaibh gur mise é, agus nach mbím ag déanamh aon ní uaim féin ach go mbím ag labhairt mar a mhúin an tAthair dom,
29 agus an té a chuir uaidh mé tá sé i mo chuideachta, níor fhág sé i m'aonar mé, mar déanaim i gcónaí an ní is taitneamhach leis.”
30 Nuair a dúirt sé an chaint sin, chreid mórán daoine ann.
31 Duirt Íosa ansin leis na Giúdaigh a raibh a gcreideamh curtha acu ann, “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, tá sibh in bhur ndeisceabail agam i bhfírinne,
32 agus beidh fios na fírinne agaibh, agus tabharfaidh an fhírinne an tsaoirse daoibh.”
33 Ach is mar seo a d'fhreagair siad é, “Síol Abrachaim sinne, nach raibh i ndaoirse riamh do dhuine ar bith. Conas a fhéadann tú sin a rá, ‘tabharfar bhur saoirse daoibh’?”
34 Ba é freagra Íosa orthu, “Is fíor í an fhírinne atá á rá agam libh, níl duine dá ndéanann peaca nach bhfuil ina dhaor i ndaoirse an pheaca.
35 Ní fhanann an daor sa teach i gcónaí ach fanann an mac i gcónaí.
36 Mar sin más é an Mac a scaoileas saor sibh, beidh sibh saor dáiríre.
37 Tá a fhios agam gur de shliocht Abrachaim sibh; ach bíonn sibh ag iarraidh mé a mharú, ar an tsiocair nach réitíonn mo bhriatharsa libh.
38 De réir mar a chuala mé ag m'Athair a bhíos mo bhriathar, agus mar a chuala sibh ag an athair is agaibhse a bhíos bhur ngníomh.”
39 Thug siad freagra air ansin, “Is é Abracham ár n‑athair.” Arsa Íosa leo, “Dá mba chlann Abrachaim sibh, dhéanfadh sibh mar a rinne Abracham,
40 ach anois tá sibh ag iarraidh mé a mharú, duine nár inis daoibh ach an fhírinne a chuala mé ó Dhia; ní hé sin an rud a rinne Abracham.
41 Bíonn sibhse ag déanamh an ní a rinne bhur n‑athair.” Dúirt siadsan leis, “Ní páistí gréine agat sinne; níl ach an t‑aon Athair againn, agus sin Dia é féin.”
42 Arsa Íosa leo, “Dá mba é Dia bhur nAthair, bheadh grá agaibh dom, mar is ó Dhia a chuaigh mé amach agus a tháinig mé chugaibh; ní de mo dheoin féin a tháinig mé, ach is é a chuir chugaibh mé.
43 Cad chuige nach bhfuil tuiscint mo chainte agaibh? Is é an fáth nach bhfuil acmhainn agaibh ar mo bhriatharsa a chluinstin.
44 Is ó bhur n‑athair an diabhal atá sibh, agus is é bhur dtoil mianta bhur n‑athar a chur i gcrích. Is dúnmharfóir é ó thús, agus scar sé leis an bhfírinne, ó nach bhfuil aon fhírinne ann. Nuair a insíonn sé bréaga, insíonn sé de réir a nádúir féin, mar is bréagaire é agus is é athair na mbréag é.
45 Ach as siocair mé an fhírinne a insint daoibh, ní chreideann sibh ionam.
46 Cé agaibh a dtagann leis a chruthú go bhfuil peaca orm? Má táim ag insint na fírinne daoibh, cad chuige nach gcreideann sibh uaim í?
47 An té atá ó Dhia éisteann sé le briathra Dé; is í an chúis nach n‑éisteann sibhse leo nach ó Dhia daoibh.”
48 D'fhreagair na Giúdaigh é agus ar siad, “Nach fíor dúinn a rá gur Samaratánach tú a bhfuil deamhan ionat?”
49 D'fhreagair Íosa, “Níl deamhan ionam; ach bím ag tabhairt onóra do m'Athair, agus bíonn sibh ag tabhairt easonóra dom.
50 Ach ní bhím ag iarraidh mo ghlóire féin; tá Neach ann a bhíos á iarraidh agus a bheas ina bhreitheamh ar an gcúis.
51 Deirim libh go deimhin agus go dearfa, má choinníonn duine mo bhriathar, ní fheicfidh sé an bás go deo.”
52 Dúirt na Giúdaigh leis, “Nach maith atá a fhios againn go bhfuil deamhan ionat. D'éag Abracham, agus fuair na fáithe bás; agus tá tusa á rá, ‘má choinníonn duine mo bhriathar, ní bhlaisfidh sé bás go deo.’
53 An fearr tusa ná ár n‑athair Abracham, a fuair an bás? Agus nach marbh atá na fáithe! Cé atá tú ag maíomh atá ionat féin?”
54 D'fhreagair Íosa, “Má bhím ag bronnadh glóire orm féin, ní glóir í mo ghlóir; is é m'Athair a thugas an ghlóir dom, a mbíonn sibh á rá gurb é bhur nDia é.
55 Ach ní raibh aithne agaibh air; tá aithne agamsa air. Dá ndéarfainn, ní aithnid dom é, bheinn ag déanamh bréige cosúil libh; ach tá aithne agam air agus bím ag coinneáil a bhriathair.
56 Bhí sé ina ábhar lúcháire ag bhur n‑athair Abracham go raibh sé le mo lá-sa a fheiceáil; chonaic sé an lá sin agus is air a bhí an lúcháir.”
57 Dúirt na Giúdaigh leis ansin, “Níl tú in aois do chaoga bliain go fóill, agus an bhfaca tú Abracham?”
58 Dúirt Íosa leo, “Dar m'fhírinne, is í an fhírinne a deirim, sula raibh Abracham ann, tá mise ann.”
59 Chuaigh siad a thógáil cloch lena gcaitheamh leis ansin; ach d'éalaigh Íosa uathu, agus d'fhág sé an teampall.