14 Agus ionchollaíodh an Briathar agus tháinig sé a chónaí inár measc, agus é lán de ghrásta agus d'fhírinne; agus tá a ghlóir feicthe againn, glóir mar ghlóir an Aon-Mhic atá ón Athair.
15 (Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”)
16 Agus fuaireamar uile ár gcion amach as a fhairsinge, grásta ar mhuin ghrásta.
17 Mar is trí Mhaois a bronnadh an dlí; tháinig an grásta agus an fhírinne i gcrích trí Íosa Críost.
18 Ní fhaca súil dhaonna Dia; is é an t‑aon Mhac, a bhíos i mbrollach an Athar, a thug uaidh a bhfuil d'eolas air.
19 Agus is í seo fianaise Eoin, nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Lébhítigh ó Iarúsailéim lena fhiafraí de, “Cé tusa?”
20 D'admhaigh sé é, agus níor shéan sé é, ach d'admhaigh sé, “Ní mise an Críost.”