15 (Thug Eoin fianaise air agus ghlaoigh sé, “Is é sin an té a ndúirt mé faoi, ‘An té a thagann i mo dhiaidh, bíonn tosaíocht aige orm, mar bhí sé ann romhamsa.’”)
16 Agus fuaireamar uile ár gcion amach as a fhairsinge, grásta ar mhuin ghrásta.
17 Mar is trí Mhaois a bronnadh an dlí; tháinig an grásta agus an fhírinne i gcrích trí Íosa Críost.
18 Ní fhaca súil dhaonna Dia; is é an t‑aon Mhac, a bhíos i mbrollach an Athar, a thug uaidh a bhfuil d'eolas air.
19 Agus is í seo fianaise Eoin, nuair a chuir na Giúdaigh sagairt agus Lébhítigh ó Iarúsailéim lena fhiafraí de, “Cé tusa?”
20 D'admhaigh sé é, agus níor shéan sé é, ach d'admhaigh sé, “Ní mise an Críost.”
21 Agus d'fhiafraigh siad de, “Cé tú mar sin? An tú Elía?” “Ní mé,” ar seisean. “An tú an fáidh?” Agus d'fhreagair sé, “Ní mé.”