22 D'fhiafraigh siad de ansin, “Cé tú féin? Tabhair freagra dúinn go n‑insímid é don dream a chuir anseo sinn. Cad é atá le rá agat fút féin?”
23 Ar seisean, “Níl ionam ach glór daonna ag glaoch ar an bhfásach, ‘Dirígí bealach an Tiarna,’ mar a dúirt an fáidh Isáia.”
24 Anois ba iad na Fairiséigh a chuir uathu iad.
25 “D'fhiafraigh siad de, “Cad chuige a bhfuil tú ag baisteadh, mura tú an Críost, ná Elía, ná an fáidh?”
26 Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh,
27 is é féin an té a thiocfas i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuaráin a scaoileadh.”
28 Tharla sé sin i mBétáin taobh thall den Iornán, áit a raibh Eoin ag baisteadh.