25 “D'fhiafraigh siad de, “Cad chuige a bhfuil tú ag baisteadh, mura tú an Críost, ná Elía, ná an fáidh?”
26 Ba é freagra a thug Eoin orthu, “Bímse ag baisteadh le huisce; ach tá duine ag seasamh in bhur measc nach aithnid daoibh,
27 is é féin an té a thiocfas i mo dhiaidh, nach fiú mé iall a chuaráin a scaoileadh.”
28 Tharla sé sin i mBétáin taobh thall den Iornán, áit a raibh Eoin ag baisteadh.
29 An lá ina dhiaidh sin chonaic sé Íosa chuige, agus dúirt sé, “Féach Uan Dé, a bheireas leis peacaí an domhain!
30 Is é seo an té a ndúirt mé faoi, ‘Tá fear ag teacht i mo dhiaidh a bhíos i dtosaíocht orm, ó bhí sé ann romham.’
31 Níor aithin mé féin é; ach is chuige seo a tháinig mé ag baisteadh le huisce, ionas go bhfoilsítí d'Iosrael é.”