34 Agus tá sin feicthe agam agus fianaise tugtha agam gurb é seo Mac Dé.”
35 An lá ina dhiaidh sin bhí Eoin ina sheasamh le beirt dá dheisceabail;
36 agus d'amharc sé ar Íosa ag siúl thart, agus ar seisean, “Féach Uan Dé!”
37 Chuala an bheirt deisceabal é á rá sin, agus lean siad Íosa.
38 Thiontaigh Íosa thart, go bhfaca iad á leanúint, agus ar seisean leo, “Cad é atá uaibh?” Agus dúirt siadsan leis, “A Rabbí (a chiallaíos Oide), cá bhfuil tú ag fanacht?”
39 Ar seisean leo, “Tagaigí go bhfeice sibh.” Chuaigh siad go bhfaca an áit a raibh sé ag fanacht, agus d'fhan siad aige an lá sin, ó bhí sé tuairim is an deichiú huair.
40 Bhi Aindrias, deartháir Shíomóin Peadar ar dhuine den bheirt a chuala caint Eoin, agus a lean é.