4 Is ann a bhí an bheatha, agus ba í an bheatha solas an chine dhaonna.
5 Bíonn an solas ag soilsiú sa dorchadas, agus níl bua ag an dorchadas air.
6 Fear a bhí ann, fear ar chuir Dia uaidh é, arbh ainm dó Eoin.
7 Is le haghaidh fianaise a tháinig sé, le fianaise a thabhairt ar an solas, ionas go gcreidfeadh gach aon duine tríd.
8 Níorbh é an solas é, é féin, ach is le fianaise a thabhairt ar an solas a tháinig sé.
9 Ba é an fíorsholas, a shoilsíos an cine daonna, a bhí ag teacht ar an saol.
10 Bhi sé ar an saol, agus ba thríd a rinneadh an saol, ach níor aithin an saol é.