42 Thug sé leis chuig Íosa é. D'amharc Íosa air, agus dúirt sé, “Is tú Síomón mac Eoin mar sin? Tabharfar Céfas ort” (a chiallaíos Peadar).
43 An lá ina dhiaidh sin bhí rún ag Íosa dul go Galailí.
44 Tháinig sé ar Philib agus dúirt sé leis, “Lean mé.” Anois ba as Bétsáida, cathair Aindriais agus Pheadair, do Philib.
45 Chuaigh Pilib ar lorg Natanael, agus dúirt sé leis, “Tá sé faighte againn, an té ar scríobh Maois sa dlí agus ar scríobh na fáithe faoi freisin, Íosa Nasara, mac Iósaif.”
46 Is é a dúirt Natanael leis, “An bhféadann aon mhaith teacht as Nasair?” Arsa Pilib leis, “Tar ort go bhfeice tú.”
47 Chonaic Íosa Natanael chuige agus dúirt sé faoi, “Seo Iosraelíteach dáiríre nach bhfuil cealg ann!”
48 Arsa Natanael leis, “Conas atá aithne agat orm?” D'fhreagair Íosa é, “Sular ghlaoigh Pilib ort, nuair a bhí tú faoin chrann fige, chonaic mé thú.”