47 Chonaic Íosa Natanael chuige agus dúirt sé faoi, “Seo Iosraelíteach dáiríre nach bhfuil cealg ann!”
48 Arsa Natanael leis, “Conas atá aithne agat orm?” D'fhreagair Íosa é, “Sular ghlaoigh Pilib ort, nuair a bhí tú faoin chrann fige, chonaic mé thú.”
49 D'fhreagair Natanael é, “A Rabbí, is tú Mac Dé! Is tú Rí Iosrael!”
50 D'fhreagair Íosa é, “An gcreideann tú de bharr mé á rá go bhfaca mé thú faoin gcrann fige? Feicfidh tú nithe is mó ná iad seo.”
51 Agus dúirt sé leis, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá go bhfeicfidh tú doirse neimhe á n‑oscailt, agus aingil Dé ag éirí agus ag tuirlingt ar Mhac an duine.”