9 Is mise an doras; más tríomsa a thagas fear isteach, slánófar é, agus é ag teacht agus ag imeacht agus ag innilt.
10 Ní thagann an gadaí ach le bheith ag bradaíl agus ag marú agus ag milleadh; tháinig mise le beatha a bheith acu, agus í a bheith acu go fairsing.
11 Is mé an dea-aoire. Tugann an dea-aoire a anam ar son na gcaorach.
12 An té nach bhfuil ina aoire ach ar fostú, nach leis iad na caoirigh, tréigeann sé na caoirigh agus teitheann sé leis nuair a fheiceas sé an mactíre ag teacht; agus beireann an mactíre orthu agus scaipeann sé iad.
13 Teitheann sé ó bíonn sé ar fostú gan suim ná spéis a bheith aige sna caoirigh.
14 Is mise an dea-aoire; bíonn aithne agam ar mo chuid féin agus aithne acu orm,
15 mar a bhíonn aithne ag an Athair orm agus agam ar an Athair; agus tugaim m'anam ar son na gcaorach.