28 Nuair a bhí sin ráite aici, chuaigh sí a ghlaoch ar a deirfiúr Muire, á rá léi i gcogar, “Tá an tOide anseo agus é ag glaoch ort.”
29 Nuair a chuala sí sin, d'éirigh sí go lúfar go ndeachaigh chuige.
30 Anois níor shroich Íosa chomh fada leis an mbaile beag go fóill, bhí sé san áit úd ar casadh Marta air.
31 Nuair a chonaic na Giúdaigh, a bhí léi sa teach, Muire ag éirí agus ag imeacht chomh lúfar sin, lean siad í, ag síleadh go raibh sí ag dul go dtí an tuama le bheith ag caoineadh ansin.
32 Nuair a tháinig Muire mar a raibh Íosa, agus nuair a chonaic sí é, thit sí ar a béal ag a chosa, agus dúirt si leis, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir an bás, dá mbeifeá anseo.”
33 Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí;
34 agus d'fhiafraigh sé, “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis, “Tar, a Thiarna, go bhfeice tú.”