31 Nuair a chonaic na Giúdaigh, a bhí léi sa teach, Muire ag éirí agus ag imeacht chomh lúfar sin, lean siad í, ag síleadh go raibh sí ag dul go dtí an tuama le bheith ag caoineadh ansin.
32 Nuair a tháinig Muire mar a raibh Íosa, agus nuair a chonaic sí é, thit sí ar a béal ag a chosa, agus dúirt si leis, “A Thiarna, ní bhfaigheadh mo dheartháir an bás, dá mbeifeá anseo.”
33 Nuair a chonaic Íosa í ag caoineadh, agus na Giúdaigh a tháinig léi ag caoineadh freisin, bhí corraí mór agus coscairt faoina chroí;
34 agus d'fhiafraigh sé, “Cá bhfuil sé curtha agaibh?” Dúirt siad leis, “Tar, a Thiarna, go bhfeice tú.”
35 Chuaigh Íosa ag caoineadh.
36 Arsa na Giúdaigh ansin, “Féach cad é an grá a bhí aige dó!”
37 Ach is é a dúirt cuid acu, “An fear seo a d'oscail súile an daill, nár fhéad sé an fear seo a choinneáil ó bhás a fháil?”