49 Ach arsa duine acu leo, Caiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd, “Níl aon tuiscint agaibh;
50 ní thuigeann sibh go bhfuil sé riachtanach agaibh go bhfaigheadh aon fhear amháin an bás ar son an chine, ionas nach gcaillfí an cine uile.”
51 Ní uaidh féin a dúirt sé an méid sin, ach ó bhí sé ina ardsagart an bhliain úd, rinne sé tairngreacht go bhfaigheadh Íosa bás ar son an chine,
52 agus ní ar son an chine amháin, ach ionas go n‑aontódh sé le chéile clann Dé atá scaipthe soir siar.
53 Mar sin ón lá sin amach bhíodh siad ag dul i gcomhairle conas a chuirfidís chun báis é.
54 Mar sin, ní shiúladh Íosa os ard i measc na nGiúdach níos faide, ach d'imigh sé as sin go dtí an ceantar a bhí in aice leis an bhfásach, go dtí cathair a raibh Efráím mar ainm uirthi, agus d'fhan sé ansin lena dheisceabail.
55 Anois níorbh fhada uathu Cáisc na nGiúdach, agus chuaigh mórán suas ón tír go hlarúsailéim roimh an gCáisc, le hiad féin a choisreacan.