19 B'shiúd iad na Fairiséigh ag rá lena chéile, “Nach bhfeic-eann sibh gur saothar in aisce é; féachaigí, tá an saol uile imithe ina dhiaidh.”
20 Anois bhí Gréagaigh áirithe ar an dream a chuaigh suas a adhradh in am na féile.
21 Tháinig siadsan mar sin chuig Pilib, a bhí as Bétsáida atá i nGalailí, agus dúirt siad leis, “A Shaoi, ba mhaith linn Íosa a fheiceáil.”
22 Chuaigh Pilib gur inis sé d'Aindrias é; chuaigh Aindrias le Pilib ansin gur inis siad beirt d'Íosa faoi.
23 Agus d'fhreagair Íosa iad agus dúirt sé, “Tháinig an uair a mbeidh Mac an duine á ghlóiriú.
24 Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura dtiteann síol na cruithneachta sa talamh agus bás a fháil, ní bhíonn ann ach é amháin ina aonar; ach má fhaigheann sé bás, tagann mórán toraidh air.
25 An té sin a mbíonn grá aige ar a anam féin, cailleann sé é, agus an té sin ar fuath leis a anam ar an saol seo coinneoidh sé é le haghaidh na beatha síoraí.