28 A Athair, glóirigh d'ainm.” Tháinig leis sin an glór ó neamh, “Tá sé glóirithe agam cheana, agus beidh sé á ghlóiriú agam arís.”
29 Chuala an slua a bhí ina sheasamh thart sin, agus dúirt cuid acu gur fuaim thoirní a bhí ann. Dúirt an chuid eile, “Aingeal é a labhair leis.”
30 D'fhreagair Íosa, “Ní ar mo shonsa a tháinig an glór sin, ach ar bhur sonsa.
31 Anois a thugtar breith ar an saol seo, anois a chaithfear amach uachtarán an tsaoil seo;
32 agus is mé a tharraingeas an Ádhamhchlann uile chugam, an uair a ardófar mé ón talamh aníos.”
33 Dúirt sé sin le modh a bháis a nochtadh.
34 D'fhreagair an slua é, “Chuala-mar ag an dlí go bhfanann an Críost go síoraí buan. Conas a fhéadann tú mar sin a rá go gcaithfear Mac an duine a ardú aníos? Cé hé an Mac sin an duine?”