32 agus is mé a tharraingeas an Ádhamhchlann uile chugam, an uair a ardófar mé ón talamh aníos.”
33 Dúirt sé sin le modh a bháis a nochtadh.
34 D'fhreagair an slua é, “Chuala-mar ag an dlí go bhfanann an Críost go síoraí buan. Conas a fhéadann tú mar sin a rá go gcaithfear Mac an duine a ardú aníos? Cé hé an Mac sin an duine?”
35 Dúirt Íosa leo, “Tá an solas libh seal beag eile. Bígí ag siúl chomh fada agus a bhíos an solas agaibh, ar eagla go mbeire an dorchadas oraibh; an té a shiúlas sa dorchadas níl fios a bhealaigh aige.
36 Chomh fada agus atá an solas agaibh, creidigí sa solas, go raibh sibh in bhur gclann mhac an tsolais.”Nuair a bhí an chaint sin ráite ag Íosa, d'imigh sé leis agus chuaigh sé i bhfolach rompu.
37 In ainneoin a liacht comharthaí a bhí déanta aige os a gcomhair, ní chreidfidís ann;
38 ní a tharla ag fíorú an bhriathair a labhair an fáidh Ísáia:“A Thiarna, cé a chreid dár dtuairisc,agus cé hé sin ar nochtadh dó an t‑urradh atá i ngéag an Tiarna?”