37 In ainneoin a liacht comharthaí a bhí déanta aige os a gcomhair, ní chreidfidís ann;
38 ní a tharla ag fíorú an bhriathair a labhair an fáidh Ísáia:“A Thiarna, cé a chreid dár dtuairisc,agus cé hé sin ar nochtadh dó an t‑urradh atá i ngéag an Tiarna?”
39 Dá bhri sin níor fhéad siad creidiúint. Mar dúirt Ísáia arís,
40 “Tá a súile dallta agus a gcroithe calcaithe aige,sa tsli nach bhfeicfeadh a súile agus nach mothódh a gcroithe,agus nach dtiontóidís thart ionas go leigheasfainn iad.”
41 Dúirt Isáia an méid sin ar siocair go bhfuair sé amharc ar a ghlóir agus is air a thrácht sé.
42 Ni lúide chreid mórán de na cinn urraidh féin ann, ach leis an eagla a bhí orthu roimh na Fairiséigh níor admhaigh siad é, ar eagla go gcaithfí amach as an tsionagóg iad;
43 mar b'ansa leo moladh ó dhaoine ná moladh ó Dhia.