46 Tháinig mise isteach sa saol mar a bheadh solas ann, ionas nach bhfana an té a chreideas ionam sa dorchadas.
47 Má chluineann duine briathra mo chainte gan a gcur i ngníomh, ní thugaimse breithiúnas air; mar ní leis an domhan a chur faoi bhreithiúnas ach leis an domhan a shlánú a tháinig mé.
48 An té a dhiúltaíos dom agus nach nglacann le mo bhriathra, bíonn breitheamh air; an briathar a labhair mé, beidh an briathar seo mar bhreitheamh air lá deiridh an domhain.
49 Mar ní uaim féin a labhair mé; an tAthair a chuir anseo mé, is é féin a thug an t‑ordú dom faoi cad i an chaint a labhróinn.
50 Agus tá a dhea-fhios agam gurb í an bheatha shíoraí i a aithne. Deirim mar sin a bhfuil á rá agam mar a d'ordaigh an tAthair dom.