23 Bhí duine dá dheisceabail a raibh grá ag Íosa dó, ina luí ansin in ucht Íosa;
24 mar sin rinne Síomón Peadar comhartha dó agus dúirt sé leis, “Inis dúinn cé hé sin atá á lua aige.”
25 Mar sin dúirt seisean, agus é ina luí in ucht Íosa, “A Thiarna, cé hé féin?”
26 D'fhreagair Íosa, “Is é an té a dtabharfaidh mé an mhilseog seo dó nuair a bheas sí tumtha agam.” Mar sin nuair a bhí an mhilseog tumtha aige, thug sé d'Iúdás mac Shíomóin Iscariót é.
27 Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.”
28 Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis.
29 Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht.