25 Mar sin dúirt seisean, agus é ina luí in ucht Íosa, “A Thiarna, cé hé féin?”
26 D'fhreagair Íosa, “Is é an té a dtabharfaidh mé an mhilseog seo dó nuair a bheas sí tumtha agam.” Mar sin nuair a bhí an mhilseog tumtha aige, thug sé d'Iúdás mac Shíomóin Iscariót é.
27 Ansin i ndiaidh é an mhilseog a ithe, chuaigh Sátan isteach ann. Arsa Íosa leis, “Déan a bhfuil le déanamh agat go tapaidh.”
28 Anois ní raibh fhios ag duine dá raibh ina suí ag an mbord leis cad chuige dó é sin a rá leis.
29 Shil cuid acu, ós ag Iúdás a bhíodh bosca an airgid, go raibh Íosa ag rá leis ar theastaigh uathu le haghaidh na féile a cheannach; sin, nó déirc a thabhairt do na boicht.
30 Mar sin, i ndiaidh an mhilseog a ghlacadh chuaigh sé amach gan mhoill; agus bhí sé ina oíche.
31 Nuair a bhí seisean imithe, is é a dúirt Íosa, “Is anois a ghlóirítear Mac an duine, agus a ghlóirítear Dia trídsean;