9 Dúirt Síomón Peadar leis, “A Thiarna, ní hamháin mo chosa ach mo lámha agus mo cheann freisin!”
10 Dúirt Íosa leis, “An té a fuair folcadh níl feidhm air ach a chosa amháin a ní, ach tá sé glan ar fad; agus tá sibhse glan, ach níl sibh uile amhlaidh.”
11 Bhi a fhios aige cé a dhéanfadh a bhrath; agus sin an fáth a dúirt sé, “níl sibh uile glan.”
12 Nuair a bhí a gcosa nite aige, agus a bhaill éadaigh air, agus é ag ceann an bhoird arís, ar seisean leo, “An dtuigeann sibh a bhfuil déanta agam libh?
13 Bíonn sibh ag tabhairt Oide agus Tiarna orm; agus is maith mar a deir sibh é, mar is amhlaidh atáim ann.
14 Mar sin má tá bhur gcosa nite agamsa atá i mo Thiarna oraibh agus i m'Oide múinte agaibh, ba é bhur gceart bheith ag ní chosa a chéile.
15 Mar táim i ndiaidh dea-shampla a thabhairt daoibh, ionas go ndéanfadh sibhse mar a rinne mé libh.