13 Cibé ní a iarrfas sibh i m'ainmse, déanfaidh mé é, ionas go nglóirítear an tAthair sa Mhac;
14 níl ní dá n‑iarrfaidh sibh i m'ainmse nach ndéanfaidh mé.
15 “Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m'aitheanta.
16 Agus iarrfaidh mé ar an Athair Comhairleoir eile a thabhairt daoibh, le bheith agaibh go síoraí buan,
17 is é sin Spiorad na fírinne, an Spiorad nach bhféadann an saol a ghlacadh, as siocair nach mbíonn amharc aige air ná aithne aige air; tá aithne ligthe aige libh, ós é a fhanas agaibh, agus a bheas ionaibh istigh.
18 “Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh; tiocfaidh mé chugaibh.
19 Seal beag eile, agus beidh mé as amharc an tsaoil, ach beidh amharc agaibh orm; ó mhairimse beo, mairfidh sibhse beo freisin.