2 Is iomaí sin seomra sa teach atá ag m'Athairse; mura raibh sin amhlaidh, an mbeinn tar éis a insint daoibh go bhfuil mé ag imeacht le háit a ullmhú ann daoibhse?
3 Agus nuair a bheas mé imithe agus an áit ullmhaithe agam daoibhse, tiocfaidh mé ar ais chugaibh arís agus glacfaidh mé isteach chugam féin sibh, ionas go mbeidh sibh mar a mbím.
4 Agus tá eolas na slí agaibh a bhfuil mé le himeacht uirthi.”
5 Dúirt Tomás leis, “A Thiarna, níl a fhios againn cá bhfuil tú ag dul; conas is féidir eolas na slí a bheith againn?”
6 Arsa Íosa leis, “Is mise an tsli, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aon duine chuig an Athair mura dtagann sé tríom.
7 Dá mbeadh aithne agaibh orm bheadh aithne agaibh ar m'Athair freisin; agus uaidh seo suas tá aithne agaibh air agus tá sé feicthe agaibh.”
8 Dúirt Pilib leis, “A Thiarna, taispeáin dúinn an tAthair, agus is leor linn é.”