11 faoi bhreithiúnas, ó tá an bhreith tugtha ar uachtarán an tsaoil seo.
12 “Is iomaí sin rud atá agam go fóill le rá libh, ach níl acmhainn agaibh orthu san am i láthair.
13 Nuair a thiocfas Spiorad na fírinne, is é a threorós sibh chun iomlán na fírinne; mar ní uaidh féin a labhrós sé, ach labhróidh sé an méid a chluinfeas sé, agus inseoidh sé daoibh faoina bhfuil le teacht.
14 Glóireoidh sé mé, ó glacfaidh sé a bhfuil agam agus foilseoidh sé daoibh é.
15 A bhfuil ag an Athair is liom é go huile; is dá bhrí sin a dúirt mé go nglacfaidh sé a bhfuil agam agus go bhfoilseoidh sé daoibh é.
16 “Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé.”
17 Dúirt cuid de na deisceabail le chéile, “Cad é sin a deir sé linn, ‘Seal beag eile, agus ní bheidh mé le feiceáil agaibh; seal beag eile arís, agus feicfidh sibh mé,’ agus ‘ó táim ag imeacht chun an Athar’?