4 Ach tá sin inste agam daoibh ionas go gcuimhní sibh san am a dtarlós sé gur inis mé daoibh é.“Níor inis mé na nithe seo daoibh ar dtús, ó bhí mé libh.
5 Ach táim anois ag imeacht chuig an té a chuir chugaibh mé; agus gan duine agaibh ag fiafraí díom, ‘Cá bhfuil do thriall?’
6 Ach tá bhur gcroíthe lán de bhrón faoi mé sin a rá libh.
7 Ach táim ag insint na fírinne daoibh gur le bhur leas an t‑imeacht seo agam, mar mura n‑imím uaibh, ní thiocfaidh an Comhairleoir chugaibh; ach má imím, cuirfidh mé chugaibh é.
8 Agus nuair a thiocfas sé, ciontóidh sé an saol faoi pheaca agus faoi fhíréantacht agus faoi bhreithiúnas:
9 faoi pheaca, ó nach gcreideann siad ionam;
10 faoi fhíréantacht, ó táim ag imeacht chun an Athar, gan bheith le feiceáil agaibh níos mó;