1 Nuair a bhí na focail sin ráite ag Íosa, thóg sé a shúile i dtreo neimhe agus dúirt sé, “A Athair, tháinig an uair; glóirigh an Mac ionas go nglóirí an Mac thú,
2 ó tá cumhacht tugtha agat dó os cionn a bhfuil i gcolainn dhaonna, leis an mbeatha shíoraí a bhronnadh ar an dream a bhronn tú air.
3 Agus is í seo is beatha shíoraí ann, aithne a bheith acu ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost atá curtha uait agat.
4 Tá tú glóirithe agam ar talamh, ó tá an obair, a thug tú dom le déanamh, críochnaithe agam;
5 agus anois, a Athair, glóirigh mé i do láthair féin leis an nglóir a bhíodh agam i do láthair sula ndearnadh an domhan.