10 is leat a bhfuil agam, agus is liom a bhfuil agat, agus is iad is ábhar glóirithe dom.
11 Agus anois ní den saol seo mé, ach tá siadsan ar an saol, agus mise ar mo shlí chugatsa. A Athair Naofa, coinnigh iad san ainm sin agat a thug tú domsa, ionas go mbeidh siadsan aontaithe, ar an nós céanna agus atáimidne aontaithe.
12 Nuair a bhí mé leo, choinnigh mé iad san ainm sin agat a thug tú domsa; bhí mé i mo sciath chosanta acu, agus níor cailleadh aon duine acu ach an mac mallachta, ionas go bhfíorófaí an scrioptúr.
13 Ach anois táim ag teacht chugat; agus táim ag rá na cainte seo sa domhan, ionas go mbí mo lúcháirse á chomhlíonadh iontu féin.
14 Thug mé do bhriathar dóibh; agus thug an saol fuath dóibh ó nach den saol iad, mar nach den saol mise.
15 Nil mé ag achainí ort a dtógáil as an saol, ach a gcoinneáil saor ón drochsprid.
16 Ni den saol iad, mar nach den saol mé féin.