12 Nuair a bhí mé leo, choinnigh mé iad san ainm sin agat a thug tú domsa; bhí mé i mo sciath chosanta acu, agus níor cailleadh aon duine acu ach an mac mallachta, ionas go bhfíorófaí an scrioptúr.
13 Ach anois táim ag teacht chugat; agus táim ag rá na cainte seo sa domhan, ionas go mbí mo lúcháirse á chomhlíonadh iontu féin.
14 Thug mé do bhriathar dóibh; agus thug an saol fuath dóibh ó nach den saol iad, mar nach den saol mise.
15 Nil mé ag achainí ort a dtógáil as an saol, ach a gcoinneáil saor ón drochsprid.
16 Ni den saol iad, mar nach den saol mé féin.
17 Naomhaigh leis an bhfírinne iad; is é do bhriatharsa an fhírinne.
18 De réir mar a chuir tú mise isteach sa domhan, is amhlaidh a chuir mise amach sa domhan iad.