23 mise iontu agus tusa ionam, ionas go mbí siad ina n‑aon, ionas go n‑aithní an saol gur chuir tú chucu mé agus gur ghráigh tú iad mar a ghráigh tú mise.
24 A Athair, ba mhian liom ar thug tú dom a bheith liom freisin mar a bhfuilim, leis an nglóir a fheiceáil a thug tú dom le grá dom a bhí agat dom roimh bhunú an domhain.
25 A Athair cheartbhreithigh, níor aithin an saol thú, ach d'aithin mise thú; agus d'aithin siad seo gur tú a chuir uait mé.
26 Tá agus beidh d'ainm á chur in aithne dóibh, ionas go mbí an grá lenar ghráigh tú mé iontu, agus go mbí mé féin iontu.”