3 Agus is í seo is beatha shíoraí ann, aithne a bheith acu ortsa, an t-aon Dia fírinneach amháin, agus ar Íosa Críost atá curtha uait agat.
4 Tá tú glóirithe agam ar talamh, ó tá an obair, a thug tú dom le déanamh, críochnaithe agam;
5 agus anois, a Athair, glóirigh mé i do láthair féin leis an nglóir a bhíodh agam i do láthair sula ndearnadh an domhan.
6 “Tá d'ainm nochta agam do na fir a thug tú dom as an domhan; ba leat iad, agus thug tú dom iad, agus tá do bhriathar coinnithe acu.
7 Tá fhios acu anois gur uait ar thug tú dom;
8 mar thug mé dóibh uaim na briathra a thug tusa dom, agus ghlac siad leo agus d'aithin siad i bhfirinne gur uait a tháinig mé, agus chreid siad gur chuir tú uait mé.
9 Táim ag iarraidh achainí ar a sonsan; ní ar son an domhain atáim ag iarraidh na hachainí ach ar son an dreama seo a thug tú dom, ós leat iad;