10 Ba ansin a tharraing Síomón Peadar an claíomh a bhí aige as a thruaill agus tharraing sé buille ar mhogha an ardsagairt agus ghearr sé an leath-cluas dheas anuas dá leiceann. Malcus ab ainm don mhogha.
11 Arsa Íosa le Peadar, “Cuir do chlaíomh isteach ina thruaill; an é nach n‑ólfaidh mé an cupán a thug m'Athair dom le n‑ól?”
12 Tháinig siad mar sin, an complacht saighdiúirí agus a gceannfort agus oifigigh na nGiúdach, ar Íosa, agus ghabh siad é agus cheangail siad é.
13 Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd.
14 Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail.
15 Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt,
16 fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach.