13 Thug siad os comhair Annas é ar dtús; ó ba é ab athair céile do Chaiafas, a bhí ina ardsagart an bhliain úd.
14 Ba é an Caiafas seo a thug an chomhairle do na Giúdaigh go raibh sé riachtanach go bhfaigheadh aon fhear amháin bás ar son an phobail.
15 Lean Síomón Peadar Íosa, eisean agus deisceabal amháin eile. Ó bhí an deisceabal seo ar lucht aitheantais an ardsagairt, chuaigh sé maraon le hÍosa isteach i gcúirt an ardsagairt,
16 fad agus bhí Peadar ag fanacht taobh amuigh den doras. Mar sin chuaigh an deisceabal, a raibh aithne ag an ardsagart air, amach gur chuir sé cogar i gcluais an chailin a bhí ina doirseoir, agus gur thug sé Peadar isteach.
17 Is é a dúirt an cailín a bhí ina doirseoir le Peadar, “Nach duine de dheisceabail an fhir seo tú freisin?” “Ní hea,” ar seisean.
18 Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin.
19 Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc.