18 Anois bhí na seirbhísigh agus na hoifigigh tar éis tine fhioghuail a dhéanamh, ó bhí sé fuar, agus bhí siad ina seasamh ansin á ngoradh féin; bhí Peadar ina sheasamh leo agus é á ghoradh féin.
19 Cheistigh an t‑ardsagart Íosa ansin i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc.
20 Ba é freagra Íosa air, “Labhair mé os ard os comhair an tsaoil; bhinn i gcónaí ag teagasc sna sionagóga agus sa teampall, ina dtagann na Giúdaigh uile le chéile; níor labhair mé aon fhocal i modh rúin.
21 Cad chuige duit a fhiafraí díom? Fiafraigh den lucht éisteachta cad é a dúirt mé leo; tá a fhios acu siúd cad é a dúirt mé.”
22 Nuair a dúirt sé sin, tharraing duine de na hoifigigh a bhí ina sheasamh ansin buille boise ar leiceann Íosa, agus dúirt sé, “An mar sin a fhreagraíos tú an t‑ardsagart?”
23 D'fhreagair Íosa, “Má labhair mé go holc, tabhair fianaise faoin olc; ach má labhair mé go maith, cad chuige duit bheith ag bualadh buille orm?”
24 Chuir Annas ansin é chuig Caiafas an t‑ardsagart.