34 Is é a d'fhreagair Íosa, “An uait féin a deir tú sin; nó an raibh daoine eile á rá leat fúm?”
35 D'fhreagair Píoláid, “An Giúdach mise? Is iad do chine féin agus na hardsagairt a chuir idir mo lámha thú; cad é a rinne tú?”
36 D'fhreagair Íosa, “Ní aon riocht den domhan seo mo ríochtsa; dá mba rí ar riocht shaolta mé, dhéanfadh mo lucht leanúna troid, ionas nach gcuirtí mé i lámha na nGiúdach; ach ní den domhan seo an ríocht atá agam.”
37 Arsa Píoláid leis, “Is rí tú mar sin?” D'fhreagair Íosa, “Is é do bhéal féin a deir gur rí mé. Is lena aghaidh seo a bhí mo bhreith agus mo theacht ar an saol, le mé fianaise a thabhairt ar an bhfírinne. Gach duine a bhfuil an fhírinne aige, éisteann sé le mo ghlór.”
38 Arsa Píoláid leis, “Cad is fírinne ann?”Nuair a bhí sin ráite aige chuaigh sé amach chuig na Giúdaigh athuair, agus dúirt sé leo, “Feictear dom é a bheith neamhchiontach.
39 Ach tá nós agaibhse go scaoilfinn fear amháin saor chugaibh le linn na Cásca; an toil libh mé Rí na nGiúdach a scaoileadh saor chugaibh?
40 Ach ghlaoigh siad arís in ard a gcinn, “Ná scaoil an duine sin, scaoil Barabas.” Anois ba thóraí é Barabas.