13 Nuair a chuala Píoláid na focail seo, thug sé Íosa amach leis, agus shuigh sé faoi ar bhinse an bhreithiúnais san áit a dtugtar Sráid na Leac air, nó Gabbatá in Eabhrais.
14 Anois ba í Bigil Fhéile na Cásca í i dtrátha an séú huair. Ar seisean leis na Giúdaigh, “Seo daoibh bhur Rí!”
15 Ghlaoigh siadsan os ard, “Imeacht gan filleadh air, imíodh sé chun na croiche!” Arsa Píoláid leo, “An ndéanfaidh mé bhur Rí a chrochadh?” D'fhreagair na hardsagairt, “Níl de rí os ar gcionn amach ó Chaesar.”
16 Chuir sé ansin idir a lámha é lena chrochadh.
17 Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais.
18 Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuideachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu.
19 Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an scríbhinn a bhí air, “Íosa as Nasair, Ri na nGiúdach.”