17 Ghlac siad Íosa mar sin, agus chuaigh sé amach, agus a chrois féin ar iompar aige, go dtí an áit a dtugtar áit an chloiginn air, agus a ngairtear Golgota de in Eabhrais.
18 Ba ansin a chéas siad é ar chrois, agus beirt eile ina chuideachta, duine ar gach taobh agus Íosa eatarthu.
19 Scríobh Píoláid teideal freisin gur chuir ar an gcrois é; ba í an scríbhinn a bhí air, “Íosa as Nasair, Ri na nGiúdach.”
20 Mar sin léigh mórán de na Giúdaigh an teideal sin, mar ba chóngarach don chathair é ionad chéasta Íosa; agus ó bhí sé scríofa in Eabhrais agus i Laidin agus i nGréigis.
21 Dúirt ardsagairt na nGiúdach le Píoláid ansin, “Ná scríobh, ‘Rí na nGiúdach,’ scríobh, ‘Sin duine a dúirt, Is mé Rí na nGiúdach.’”
22 D'fhreagair Píoláid, “Tá a bhfuil scríofa agam scríofa.”
23 Nuair a bhí Íosa curtha ar chrois a chéasta ag na saighdiúirí ghlac siad a bhaill éadaigh go ndearna ceithre chuid díobh, cuid do gach saighdiúir acu; agus a thuineach. Ach is tuineach gan uaim a bhí inti, agus é fite in aon phíosa amháin ó bhun go barr;