26 Nuair a chonaic Íosa a mháthair, agus an deisceabal ab ansa leis ina sheasamh ina haice, ar seisean lena mháthair, “A bhean úd, féach do mhac.”
27 Ar seisean ansin leis an deisceabal, “Féach í, do mháthairse.” Agus ón uair ud amach ghlac an deisceabal isteach ina theaghlach féin í.
28 Bhí a fhios ag Íosa ina dhiaidh sin go raibh gach uile ní críochnaithe aige, agus (de gheall ar an scrioptúr a fhíorú) dúirt sé, “Tá tart orm.”
29 Bhí soitheach lán d'fhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é.
30 Nuair a bhí an fínéagar glactha ag Íosa, dúirt sé, “Tá críoch curtha air,” agus d'umhlaigh sé a cheann go dtí gur fhág an anáil é.
31 Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard-fhéile), d'iarr na Giúdaigh ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáil as.
32 Mar sin tháinig na saighdiúirí gur bhris siad cosa an chéad duine agus an dara duine a bhí á gcéasadh ina chuideachta;