29 Bhí soitheach lán d'fhínéagar ina sheasamh ansin; agus chuir siad múscán lán den fhínéagar sin ar íosóip gur shin suas lena bhéalsan é.
30 Nuair a bhí an fínéagar glactha ag Íosa, dúirt sé, “Tá críoch curtha air,” agus d'umhlaigh sé a cheann go dtí gur fhág an anáil é.
31 Ó ba í an bhigil í, sa dóigh nach bhfanfadh na coirp ar an gcrois lá na sabóide (mar bhí an tsabóid úd ina hard-fhéile), d'iarr na Giúdaigh ar Phíoláid a gcosa a bhriseadh agus a dtógáil as.
32 Mar sin tháinig na saighdiúirí gur bhris siad cosa an chéad duine agus an dara duine a bhí á gcéasadh ina chuideachta;
33 ach nuair a tháinig siad chuig Íosa agus nuair a chonaic siad go raibh sé marbh cheana, ní dhearna siad a chosa a bhriseadh.
34 Ach is é rud, sháigh duine de na saighdiúirí sleá ina thaobh, agus tháinig fuil agus uisce amach ar an toirt.
35 Tá fianaise tugtha ag an té a chonaic é—is fíor a fhianaise, agus tá a dhea-fhios aige go bhfuil sé ag insint na fírinne—ionas go gcreide sibhse freisin.