39 Tháinig Nicodémus freisin, an té sin a tháinig chuige san oíche an chéad uair, agus meascán miorra agus aló leis a bhí tuairim is an céad punt meáchain.
40 Ghlac siadsan corp Íosa, gur fhill i bhfáisceáin línéadaigh agus i spíosraí é, de réir ghnás adhlactha na nGiúdach.
41 Anois bhí gairdín san áit ar céasadh é, agus sa ghairdín sin bhí tuama úrnua nár cuireadh corp duine ann riamh roimhe sin.
42 Ba ansin a chuir siad corp Íosa, ó bhí an tuama i ndeas dóibh, agus ó bhí Bigil Cháisc na nGiúdach ann an lá sin.