7 D'fhreagair na Giúdaigh é, “Tá dlí againn, agus de réir an dlí sin ba cheart a chur chun báis as bheith ag iarraidh a rá gurb é Mac Dé é.”
8 Nuair a chuala Píoláid na focail seo, bhí tuilleadh eagla air;
9 chuaigh sé isteach sa phraetorium arís agus dúirt sé le hÍosa, “Cá has ar tháinig tú?” Ach níor thug Íosa freagra air.
10 Dúirt Píoláid leis mar sin, “An é nach labhróidh tú liom? Nach bhfuil fhios agat go bhfuil cumhacht do scaoilte agus do chrochta agam?”
11 D'fhreagair Íosa é, “Ní bheadh cumhacht agat orm murab é gur tugadh duit ó neamh í; dá bhrí sin is mó an peaca atá ar an té a chuir idir do lámha mé.”
12 Leis sin thug Píoláid iarraidh faoina scaoileadh, ach gur ghlaoigh na Giúdaigh in ard a gcinn, “Má scaoileann tú an duine sin, ní aon chara do Chaesar tú; níl duine dá ndéanann rí de féin nach gcuireann in éadan Chaesair.”
13 Nuair a chuala Píoláid na focail seo, thug sé Íosa amach leis, agus shuigh sé faoi ar bhinse an bhreithiúnais san áit a dtugtar Sráid na Leac air, nó Gabbatá in Eabhrais.